By Michelle D’Altúin, Transition Year Coordinator
GAELCHOLAISTE Chiarraí organised a Transiton Year Sports Day Trí Ghaeilge last week.
The sun shone at the Na Gaeil pitch, on October 1 with students from the five schools who took part in activities ranging from sack and wheelbarrow racing to the poc fada and even a bit of mini-golf.
Bhí lá iontach ag daltaí Idirbhliana áitiúla ar an gCéadaoin, an chéad lá de Mheán Fómhair. D’eagraigh múinteoirí de chuid Ghaelcholáiste Chiarraí lá spóirt, trí Ghaeilge, dos na h-idirbhlianta agus bhí mic léinn cúig scoile i láthair ar an lá: An Fhaiche, Cnoc an tSeabhaic, Baile an Mhuilinn, Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Gaelcholáiste Chiarraí.
Cuireadh an bhéim ar spraoi agus rannpháirtíocht i dtimpeallacht Gaeilge. Dob é an Máistir Ó Ruanaidh a d’eagraigh imeachtaí an lae le comórtais éagsúla gach aon rud ó rásaíocht na mbarraí rotha go’n poc fada agus lúth-chleasaíocht.
Bhí an Máistir Bairéad agus Bean D’Altúin cabhrú leis agus, dar ndóigh, luigh múinteoirí na scoileanna eile isteach ar a ndualgaisí le fonn freisin. Bhí an-lá ag gach éinne.