
Sea a chairde, tá an samhradh thart agus an Fómhar linn anois, agus táimidne i gConradh na Gaeilge ag súil go mór leis an séasúr nua.
Beidh na grúpaí comhrá – an Ciorcal Comhrá sa Meadowlands, agus an Cleachtadh Cainte sa leabharlann – ag atosnú i gceann cúpla seachtain, ach idir an dá linn beidh go leor deiseanna ag pobal na Gaeilge, idir fhoghlaimeoirí agus cainteoirí dúchais, teacht le chéile.
Cuirfear tús an-spraíúil leis an séasúr ar an gCéadaoin, 2 Meán Fómhair le Péint & Nósecco i gcaifé Flower Power.
Beidh an t-ealaíontóir Steph Collins @she.wanders.west linn chun sinn a threorú agus a stiúradh, agus beidh deis agat do chúpla focal a úsáid, agus b’fhéidir do mhórshaothar féin a chruthú, cá bhfios?
Oíche shóisialta, cúpla deoch, sólaistí – ní haon ionadh go bhfuil sciob sceab ar na ticéid! Is gá clárú don imeacht seo ag cnag.trali@gmail.com, : bígí tapaidh!
Tá Féile an Fhómhair ar ais i mbliana ar an 11-13 Meán Fómhair. Cainteanna agus ceol, seanchas agus siamsaíocht, siúlóid agus scannán, a bheidh ar an gclár, agus scoth na gcainteoirí chugainn arís i mbliana. Beidh an clár á sheoladh againn go luath: cuir sa dialann é!
Is fiú i gcónaí breathnú ar fhógraí Chonradh na Gaeilge ar na meáin shóisialta, agus ar shuíomh tralilegaeilge.ie áit a mbíonn eolas ar fáil faoi imeachtaí Gaeilge ar an mbaile.
******************************************************************************************
Well, summer is over, and autumn has arrived, and in Conradh na Gaeilge we are really looking forward to the new season.
Our conversation groups will be starting back in a few weeks, but there’ll be plenty of opportunities for Irish learners and speakers to get together before then and we hope you’ll join us!
How about joining us for Péint & Nósecco on the 2nd September?
With Steph Collins from she.wanders.west to guide us, drinks and nibbles, you’ll get a chance to practise your Gaeilge, and sure who knows what masterpiece you might create?
The tickets are flying though, so book now: email @cnag.trali@gmail.com
Féile an Fhómhair is back this year from 11-13 September, with talks and walks, music and dance, and some wonderful speakers joining us this year so put it in the diary. Details to follow so put it in your diary.
Most importantly, you don’t need to be fluent to join us, and you certainly don’t need to have mastered the Aimsir Chaite or the Modh Coinníollach.
Learning a language takes time and effort, but having a bit of fun, and being in good company is half the battle! Bí chugainn, beidh mile fáilte romhat! See here for more details














